a
(Det Poss 3P Sg Masc)

Luigh anonn ar a chliathán deas agus rug ar an leac ina lámh. 🔊

Le neart agus le lúth a ghéag chuir seach bpéirse as a háit í. Bhris giorta an eich bháin le meáchan an urchair, agus sular mhothaigh an gaiscíoch bhí ina sheasamh ar a dhá bhonn ar thalamh na hÉireann. 🔊

D'imigh a ghné d'Fhionn ar scaradh lena mhac. 🔊

D'fhág Oisín slán ag Niamh Chinn Óir, ag a dhís mhac agus ag a iníon. 🔊

Chuaigh ar mhuin an eich bháin agus thug a chúl go dubhach le Tír na nÓg. 🔊

Thairg Pádraig ansin Oisín a choinneáil ar a theaghlach agus a thabhairt leis ar a thurais ar fud Éireann, óir bhí trua aige don tseanóir dhall agus ba mhaith leis seanchas an tseansaoil a fháil uaidh agus soiscéal a theagasc i ndeireadh a aoise. 🔊

Thoiligh Oisín dul leis mar gur shantaigh gach cearn agus gach baile ina mbíodh na Fianna a shiúl arís agus mar nach raibh lúth a choirp amharc a shúl aige le himeacht in aon áit leis féin, aon duine lucht aitheantais le fáil. 🔊

Frequency index

Alphabetical index